30/08/2026
Comhaltas Uladh - Comóradh an Chéid: seo mar a dúirt Séamus faoi chuid de na daoine, laochra a raibh cuimhne aige orthu a choinnigh an lasair beo i gCúige Uladh le daichead+ bliain anuas. Pictiúir le Domhnaill Ó Duibhfhionn/Comhaltas Uladh:
Go príomha inniu (Aoine 28 Lúnasa) ba mhaith linn aitheantas a thabhairt don obair dheonach a rinne baill Chomhaltas Uladh go léir ar son na Gaeilge i gCúige Uladh agus tá mé féin ag smaointiú go pearsanta ar chairde agus ar chomhgleacaithe, nach maireann, a d’oibrigh go dícheallach faoi thionchar an Sagart Ó Muireadhaigh:
Gearóid Mac Giolla Domhnaigh; Máire Bn. Uí Ghógáin agus Liam;
Séan Ó Labhra; Cathal Ó Diolúin; Pádraig Ó Néill; Aodh Mag Eoin; Dr. Seán Mac Anna; Mons Liam Mac an tSagairt; An Déan Mac Larnáin; Tomás Ó hÉanáin; Art Mac Eachaigh; Ruairí Ó Bléine; Domhnaill Ó Duibhfhionn; Méabh Uí Chriagáin; Pádraig Aherne; Oilibhéar Mac an Mhachaire; Séamus de Faoite;
Mícheál Ó Duinnín; Pádraig Mac Thiarnáin; Pádraig Ó Baoighill; Leslie Burnett; Seán Mac Cionnaith; Gearailt Ó Dochartaigh; Pluincéad Ó Donnaile; Séan Ó Canáin; Séamas Céitinn; Proinsias Caomhánach; Caoimhín Mag Uidhir; Donncha Mac Niallais. Ba phribhléid a bheith ina gcomhluadar. Pé áit ina bhfuil siad faoi láthair, tá súil againn go bhfuil siad sásta inniu nach bhfuil dearmad déanta orthu agus go bhfuil toradh a saothar le mothú, le feiscint, le léamh agus le cloisteáil i seanChúige Uladh.