Amharclann Chois Fharraige

Amharclann Chois Fharraige H91 W925
Tá Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) suite in Indreabhán agus tá na háiseanna ar fáil chun imeachtaí & ócáidí a chur ar siúl.

Táimid tiomanta anseo na healaíona, an chultúr agus an teanga a chur chun cinn. Bí i dteagmháil linn!

23/06/2026

16/06/2026

Taosrán agus milseoga úra gach lá! Buail isteach! ☕️🥐🍰

09/06/2026

Nach álainn an fhuinneog a fheiceáil oscailte arís! Buail isteach Luan - Aoine 8r.n - 2 i.n le blaisín caife nó milseog a fháil. 🥐🍰

Beidh cúrsa traenála podchraoltaí dhá lá do dhaoine fásta ar siúl againn i Mí Meitheamh faoi stiúir Voxonic Studio! 🎤💻 📆...
27/05/2026

Beidh cúrsa traenála podchraoltaí dhá lá do dhaoine fásta ar siúl againn i Mí Meitheamh faoi stiúir Voxonic Studio! 🎤💻

📆Dé Máirt 23 Meitheamh 2026 & Dé Céadaoin 24 Meitheamh 2026
⏰10.00 - 17.00
🎟Saor in aisce. Tá spásanna teoranta.
📩Tuilleadh eolais agus clárú trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]

Tá an cúrsa seo maoinithe tríd an chiste REACH leis an GRETB.
Voxonic Studio Galway and Roscommon ETB GRETB Training Centre

Bhí an-oíche againn le Keane Connolly McGorman, Lughán & Caomhán Mac Con Iomaire in éineacht le hEamonn Ó Súilleabháin c...
25/05/2026

Bhí an-oíche againn le Keane Connolly McGorman, Lughán & Caomhán Mac Con Iomaire in éineacht le hEamonn Ó Súilleabháin chun clabhsúr a chur ar an tsraith Foinn Cois Farraige 2026 ag tús na míosa. Míle buíochas le chuile dhuine a thug cúnamh dúinn le linn na sraithe, leis na ceoltóirí ar fad a ghlac páirt, agus go mór mór leis an lucht féachana bríomhar a tháinig amach chuile oíche. Ní neart go cur le chéile! 🎶

Bheadh an-suim againn bhur gcuid tuairimí a fháil maidir leis an tsraith. Cabhróidh siad go mór linn agus muid ag pleanáil don bhliain seo chugainn. Tá an suirbhé aiseolais ar fáil anseo: https://forms.gle/qoSMDJmBtqgEeKYZA

Buíochas mór leis an gComhairle Ealaíon agus le Raidió na Gaeltachta as ucht an tsraith a mhaoiniú, agus le Simon Ó Baoighill as ucht na bpictiúr agus na bhfíseán.

A chairde,Iarrtar oraibh an fhoirm aiseolais thíos líonadh más rud é gur fhreastal tú ar Foinn Cois Farraige i mbliana. ...
18/05/2026

A chairde,
Iarrtar oraibh an fhoirm aiseolais thíos líonadh más rud é gur fhreastal tú ar Foinn Cois Farraige i mbliana. Tá do chuid aiseolais an-tábhachtach dúinn mar go gcuideoidh sé linn cur le himeachtaí na hamharclainne amach anseo.

Is féidir an fhoirm aiseolais a líonadh anseo:

Iarrtar oraibh an fhoirm aiseolais seo a líonadh. Tá do chuid aiseolais an-tábhachtach dúinn mar go gcuideoidh sé linn cur le himeachtaí na hamharclainne amach anseo.

Address

Na HAille
Indreabhán
H91W925

Telephone

+35391399199

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Amharclann Chois Fharraige posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The Establishment

Send a message to Amharclann Chois Fharraige:

Share